Siamsaíocht le linn Thóstal na Gaeilge 2010
Mar aon leis na léachtaí agus na seimineáir a bheidh ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge na bliana seo beidh neart siamsaíochta ar fáil freisin idir ceol, damhsa agus amhráin mar chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl i mBóthar na Trá ar an 26 & 27 Feabhra 2010.
Ar an Aoine 26 Feabhra beidh deis iontach ag an bpobal teacht chuig oíche bhreá cheoil nuair a rachaidh an clann iontach ceolmhar, clann Uí Mhongáin chun stáitse. Ní ón ngaoth a thóg na fir óga seo an spéis ata acu sa cheol traidisiúnta nar gur minic a bhíonn glór binn a máthair Síle Uí Mhongáin le cloisteáil agus í ag gabháil fhoinn.

Is as Dumha Thuama i nGaeltacht Iorrais do na ceoltóirí cumasacha Fiachna, Ferdia agus Séamus Ó Mongáin. Ní haon strainséirí don stáitse iad na fír óga seo agus is minic a bhíonn siad ar stáitse ag féilte éagsúla timpeall na tíre agus thar lear, agus le deireanaí ghlac siad páirt sa chlár ceoil Geantraí a bhíonn á chraoladh ar TG4.
Is boscadóir óg den scoth ar an mbosca ceoil é Fiachna, a bhain Gradam Ceoltóir Óg na bliana TG4 amach sa bhliain 2007. Is ceoltóir den scoth é ar an mbosca ceoil le stíl iontach atá bunaithe ar stíl an cheoltóra mór le rá Joe Cooley as Gort Inse Guaire agus bíonn sé ag seinm i gcuideachta maistrí an bhosca ceoil, is minic leis bheith ag seinm i gcuideachta laochra ar nós Séamus Begley as Corca Dhuibhne.
Is ceoltóir den scoth é Ferdia ar an bhfeadóg mhór agus is minic a bhíonn Séamus le cloisteáil ag seinm ceoil ar an gconsairtín agus ar an mbosca ceoil. Is minic dóibh a bheith i lár an aonaigh ag Fleadhanna agus ag féilte ceoil thraidisiúnta timpeall na tíre.
I dteanna Chlann Uí Mhongáin ar an oíche mhór cheoil seo beidh aíonna speisialta eile i láthair.
Beidh míle fáilte roimh an bpobal teacht chuig an ócáid seo agus tá céad isteach saor in aisce. Tugtar cuireadh speisialta d’amhránaithe sean-nóis amuigh ansin ar mhian leo a bheith i láthair a bheidh in ár dteannta ar an oíche.
Chun clabhsúr spleodrach a chur le Tóstal na bliana seo ar an Satharn tar éis dhinnéar bliantúil an Tóstail, le Céilí Mór leis na ceoltóirí clúiteacha as Roisín na Mainiach i gceantar Iorras Aithneach na deartháireacha Marcus agus PJ Ó hIarnáin. Ina gcuideachta beidh an ceoltóir aitheanta Don Stiff agus clann Mharcais, damhsóirí den scoth.
Is ceoltóirí den scoth iad na deartháireacha PJ agus Marcus Ó hIarnáin a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu anseo in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir. Is óna sheanuncail Peaitín Pháraic Mháirtín mar a bhí aithne air go háitiúil as Fínis agus a bhíodh ag seinm an melodeon a d’fhoghlaim an bheirt ceird an cheoil agus iad ina mbuachaillí óga.

Seinneann Marcus ar an bhfeadóg mhór agus tá máistir an cheird ar dhéantús an uirlis gleoite seo ar a sheilbh aige chomh maith. Chroch sé leis Gradam Fleadh na hÉirinn faoi dhó. Is boscadóir den scoth é PJ Ó hIiarnáin a bhíonn le cloisteáil go minic ag féilte agus ag ceolchoirmeacha i rith na bliana agus ag teagasc ag scoileanna ceoil éagsúla. Ina dteanna ar stáitse beidh an ceoltóir agus an t-amhránaí cumasach Don Stiffe as An Bóthar Mór i nGaillimh.
Chun tús bríomhar a chuir leis an oíche beidh beirt mhac le Marcus damhsóirí den scoth, Breandán agus Prionsias ag bualadh cois air.
Ní foláir ticéid a bheidh ag daoine chun freastal ar an gCéilí Mór seo.
Tuilleadh eolais www.tostal.ie