LÓISTÍN SIAMSAÍOCHT TREORACHA TAISTIL
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ‘Tóstal na Gaeilge’ gach dara bliain chun deis a thabhairt do phobail na Gaeilge a gcuid tuairimí ar nithe ábhartha a léiriú agus a roinnt lena chéile, agus chun moltaí a dhéanamh ar pholasaithe reatha an Rialtais i dtaobh na Gaeilge nó ar pholasaithe ar mhaith leo a gcuirfeadh an Rialtas i bhfeidhm.Cuirfidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh mic léinn iarchéime chun a gcuid taighde a phlé, trí chur i láthair 10 nóiméad a thabhairt ag an seisiún, Torthaí Taighde, le linn Thóstal na Gaeilge 2010. Is féidir tuilleadh eolais faoin mhír seo a fháil anseo.
An Cúlra
Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lárchomhairle ar phobail na Gaeilge. Tá sé mar aidhm aici bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Mar chuid den straitéis i bhfeidhmiú na haidhme agus ag glacadh lena ról mar lárchomhairle, feictear don Chomhdháil go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh fóram poiblí á reáchtáil aici gach dara bliain lena chinntiú go bhfuil ionchur daonlathach ag pobail éagsúla na Gaeilge i leith cur chun cinn polasaithe a bhaineann leis an nGaeilge agus lena gcuid tuairimí a nochtadh i leith obair na Gaeilge.
Aidhmeanna an Tóstail
Is iad seo a leanas bunaidhmeanna an Tóstail.
Deis a thabhairt do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge agus na sochaí Gaelaí.
Deis do phobail na Gaeilge a chothú áit gur féidir leo a gcuid tuairimí a nochtadh agus a mhalartú ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil.
Deis a thabhairt d’eagraíochtaí, d’institiúidí, d’fhorais stáit agus do ghrúpaí pobail a gcuid oibre i leith cur chun cinn na Gaeilge a chur faoi bhráid pobail na Gaeilge.
- Pobal na Gaeltachta a thabhairt le chéile chun ábhair a bhaineann leis an nGaeltacht go príomha a phlé.
- Tugann sé aitheantas don duine aonair agus a ról sa phróiseas daonlathach.
- Tugann sé fócas agus treo do phobail na Gaeilge chun díriú ar na nithe móra is cás dóibh agus a gcuid achainí á gcur os comhair na bpolaiteoirí agus na n-iarrthóirí roimh thoghcháin éagsúla.
- Tugann sé deis do phobail na Gaeilge plé a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na Teangacha Oifigiúla a bhfuil tionchar mór aige ar lucht labhartha na Gaeilge.
Ionadaíocht/Toscaireacht
Aithnítear na pobail seo a leanas mar phobail a bheadh a n-ionchur lárnach do Thóstal na Gaeilge agus díríodh ar na pobail seo a mhealladh le bheith i láthair:
Pobail na n-eagraíochtaí agus na ngrúpaí éagsúla atá páirteach in obair na Gaeilge agus an pobal a labhraíonnn Gaeilge go rialta
Pobal an daonáirimh le cumas Gaeilge
Daoine Óga le Gaeilge
An Comhthéacs Institiúideach agus polaitiúil (stát, státchóras, forais stáit, an Eoraip)
Pobal na Gaeltachta